Máirtín Ó Dubhghaill ag ocht nó naoi mbliana d'aois.

I mBaile Átha Cliath, Éire, a rugadh Máirtín ach is cois na farraige i mBré, Co. Chill Mhantáin, a d'fhás sé suas. Ceathrar páiste a bhi sa teaghlach agus an ceol sa bhfuil ag gach duine díobh. Óna óige bhí éifeacht ar leith ag amhránaíocht bhinn a mháthar ar Máirtín agus is uaithi ansin a d'fhoghlaim sé amhráin atá fanta ina cheann go dtí an lá inniu féin. Deir sé: "Is mar seo a chéadchuireas eolas ar ar an ngléas ceoil seo: agus mé an-óg d'fheicinn m'athair agus feadóga á ndéanamh aige de chraiceann an tseiceamair. Sheinneadh mo sheanmháthair an mileoidean agus thagadh sí ar cuairt chugainn ar an Aoine agus bhíodh foinn á seinm agus á malartú againn."

"Is mar seo a chéadchuireas eolas ar ar an ngléas ceoil seo: agus mé an-óg d'fheicinn m'athar agus feadóga á ndéanamh aige de chraiceann an tseiceamair." – Máirtín Ó Dubhghaill.

I scoil Chaitliceach sna Clocha Liatha mhúin an Bráthair Ó Donnabháin dó conas an fheadóg stáin a sheinnt agus as sin amach is breá leis bheith ag seinnt ceoil go poiblí. Bhíodh an t-orgán béil agus an trumpa á seinnt aige freisin. Bhí banna ceoil aige i dteannta a dheirféir agus a bheirt deartháireacha agus sheinneadh siad gach cineál uirlise, cuid acu sin tobchumtha, dá dtuismitheoirí, dá ngaolta agus do na comharsain. Deir Máirtín: "Is cuimhin liom in aois 14 dom gur oibríos i dtigh tábhairne ar an mbaile agus go n-iarradh Charlie Byrne, aisteoir agus amhránaí aitheanta, orm an t-orgán béil a sheinnt do na custaiméirí. Thaitin liom riamh bheith ag seinm go poiblí."

Máirtín Ó Dubhghaill ag imirt sraith de píopaí uilleann.

In aois 17 dó thosaigh Máirtín amach ar a phrintíseacht mar innealtóir, é ag obair, íorónta go leor, san fhoirgneamh céanna a bheadh aige féin ar ball mar shaotharlann chun fliúiteanna a sholáthar. Ghlac sé sos ón gceird cúig bliana ina dhiaidh sin chun banna dar teideal 'The Doyles' a bhunú agus bhídís ag seinnt ceoil traidisiúnta na hÉireann i gcomharsanacht Bhré. Tamall ina dhiaidh sin chaith sé cúrsa gairid dá shaol ag treabhadh na bhfarraigí móra mar innealtóir mara. Ach d'fhill se abhaile gan móran moille chun filleadh ar a 'chéad ghrá' agus a phríomhaidhm sa saol: saothrú an cheoil.

"Tá d'fhealsúnacht shimplí agam fliúit shimplí den chaighdeán is airde a chur ar fáil, gléas a bheidh chun sástachta ceoltóirí, bídís amaitéarach nó gairmiúil. Cé go bhfuil na fliúiteanna seo bunúsach maidir le simplíocht, bíonn éileamh orthu ag cuid de shárcheoltóiri na cruinne." – Máirtín Ó Dubhghaill.

Bhíodh ceol á sheinnt aige d'oíche ag seisiúin agus ag gigeanna agus ag deirí seachtaine; i mbliain 1979 chuaigh sé i bpáirtíocht lena chara Noel Gallagher chun píbí uileann agus fliúiteanna a dhéanamh nó a dheisiú. Is faoina choinne sin, d'fhonn trealamh a cheannach, a chuaigh sé ag obair arís mar inealltóir mara, tamall sa Mhuir Thuaidh agus tamaill ar chóstaí na hAifrice agus na Spáinne. I gceann trí bliana bhi a dhóthain saothraithe aige chun scoth na n-uirlisí ceirde a cheannach. D'fhill sé abhaile ar Bhré gur bhunaigh ceardlann i gcomhpháirt le cara eile leis, Johnny Burke; Máirtín ag díriú ar na fliúiteanna adhmaid agus Johnny ar na píbí.

D'fhonn leathnú amach ar a eolas ar dhéantúsaíocht fliúiteanna, chaith Máirtín tréimhse ag staidéar ar an déantóir fliúiteanna Gearmánach Johann Joachim Quantz. Thug sé freisin dhá chuairt ar dhéantóir fliúiteanna Shasana, Albert Cooper. An staidéar a rinne sé, a chumas mar innealltóir, a thuiscint nádúrtha faoi dhearadh flíuiteanna, a dhúil doimhin sa cheol, sin iad a sholáthair dó slí bheatha mar dhéantóir fliúiteanna adhmaid den scoth.

Máirtín Ó Dubhghaill casadh adhmaid ar an deil.

Níor theip riamh ar fhear an mhisnigh agus i 1984 is go haonraic a d'aistrigh sé síos cois abhann na Deargaile i mBré, go dtí an cheardlann chéanna sin ina ndearna sé a phrintíseacht innealtóireachta. Chomh maith le déantús na bhfliúiteanna bhí sé ag cur lena ioncam trí eagar a choimeád ar innealra sna monarchana sa chomharsanacht sin. Ach faoi 1997 bhí an sceideal crua oibre seo á thuirsiú go rómhór agus bheartaigh sé ar ghnó lánaimseartha a bhunú ar dhéantús na bhfliúiteanna. Níl d'fhealsúnacht aige ach fliúit simplí den chaighdeán is airde a tháirgeadh, uirlis a thaitneoidh le ceoltóirí, bídís amaitéarach nó proifisiúnta. Dá bhunúsaí iad na huirlisí ceoil seo, bíonn éileamh orthu ag cuid de na ceoltóirí agus de na múinteoirí fliúite is fearr ar domhan. I 2000 thosaigh Máirtín Ó Dubhghaill freisin crafting fliúiteanna Bharócach atá bunaithe ar an fheadóg mhór haois déag Rottenburgh.

I rith an ama seo go léir lean Máirtín air ag seinm na fliúite é fein agus á theagasc. Ar feadh tamaill de bhlianta bhíodh an fheadóg stáin agus an fhliúit á dteagasc aige i bPríosún Phort Laoise agus sa Scoil Tionscaidil i mBré. Gan amhras, bhí scata de fhoghlaimeoirí aige go príobháideach, freisin. Bhí saotharlanna minic go maith á reáchtáil san Ungáir aige agus i 2003 bhí sé rannpháirteach sa bhFéile Phan-Cheilteach ansiúd. Bhí páirt aige freisin sa tsraith de cheolchoirmeacha samhraidh i nDánlann Náisiúnta na hÉireann agus sheinneadh sé go rialta ag an mBéal Binn i mBré. Bíonn sé ag taisteal na hÉireann gach bliain chun a bheith páirteach i saotharlanna, i bhféilte ceoil agus ag seisiúin cheoil, é ag seinm agus ag cur a fhliúiteanna ar taispeáint.

"Is anois is léir dom a thábhachtaí a bhi blianta luatha sin mo shaoil chun deimhin a dhéanamh dem' thuairim gurb é seinm na fliúite is fearr a chuireann le cumas duine an dea-fhuaim a bheith i bhfliúiteanna dá dhéantús féin." – Máirtín Ó Dubhghaill.

Máirtín Ó Dubhghaill ag imirt ar cheann de chuid fliúiteanna traidisiúnta na hÉireann.

Is ceardaí nuálaíoch forásach é Máirtín Ó Dubhghaill agus i rith na mblianta tá fliúiteanna curtha isteach aige ar thrí cinn de chomórtais cheardaíochta agus duais bainte aige ag gach ceann díobh. I 1985 bhuaigh fliúiteanna dá dhéantus Bonn Chomhairle na gCeard; i 1993 Bonn Óir RDS California, bonn ardcháiliúil; agus i 2011 an chéad duais i roinn na nUirlisí Ceoil i gComórtas Naisiúnta Ceardaíochta an RDS. Seinneann buaiteoirí chomórtais na bhFleadh Ceol feadóga móra Máirtín mórthimpeall na hÉireann, agus is iomaí múinteoir fheadóg mhór sa tír seo agus thar lear a éilíonn go seinneann a micléinn feadóga Máirtín Ó Dubhghaill.

Ag cuimhneamh siar ar bhlianta a óige deir sé: "I rith na mblianta tháinig forbairt ar mo dhéantús de bharr na ndearaí éagsúla a thriaileas. Dheineas roinnt tollsamhlacha sorchóireacha. Ach don cheol traidisiúnta is oiriúnaí, dar liom, an toll coirceogach. Sin é mo rogha dearadh faoi láthair agus tig sin mar thoradh ar staidéar na mblianta agam ar mháistirdhéantóirí móra fliúiteanna sna 18ú agus 19ú haoiseanna."

In ainneoin gurb í an fhliúit adhmaid a rogha gléis maidir le ceol traidisiúnta na hÉireann, seinneann Máirtín freisin ar an bhfeadóg stáin, ar an bhfliúit chlasaiceach, an maindilín, an bainseo, agus na píbí uileann. Caithimh aimsire aige is ea Aikido, snámh, siúlóid agus grianghrafadóireacht. Tá spéis ar leith aige sa dúlra. Le blianta anuas is spéis leis an machnamh doimhin agus is mór aige an spioradáltacht. I mbliain 2005 d'aistrigh sé as Bré agus is in aice le Lios Ceannúir, Co. an Chláir in iarthar na hÉireann, atá cónai air anois.

An grá atá ag Máirtín ar dhéantús fliúiteanna a spreagann é chun a cheardaíocht a fheabhsú. Mar a deir sé féin,

"Is maith liom gach dícheall a dhéanamh chun dul thar mo chumas i dtreo gurbh i bhfeabhas a rachadh toradh na hoibre. Is tábhachtach liom go dtiocfadh forás ar dhéantús fliúiteanna, go mbeadh radharc agam ar a bhfuil romhainn amach. Níor cheart dúinn staonadh ón dícheall a dhéanamh, cuma cén saothar a bheadh i gceist." – Máirtín Ó Dubhghaill.

Agus sin é go díreach a mhothóidh tú ar cheannach fliúite de chuid Máirtín duit.

Máirtín Ó Dubhghaill sé an fheadóg mhór eochair déanta as hAfraice Blackwood le sleamhnán thiúnta.

Máirtín Ó Dubhghaill sé an fheadóg mhór eochair déanta as hAfraice Blackwood le sleamhnán thiúnta.

"Ní scoirfidh sé a fascinate dom. Tá mé ag amazed ag an ionstraim simplí. Tá mé ag amazed ag an méid is féidir é a dhéanamh!" – Máirtín Ó Dubhghaill.

Máirtín Ó Dubhghaill ag seinm ar Fheadóig Cheolchoirme

Chomh maith lena ghrá follasach don bhFliúit Éireannach agus do cheol traidisiúnta na hÉireann, seinneann Máirtín Ó Dubhghaill ar an bhfliúit cheolcoirme freisin. Nuair a d'aimsigh sé fliúit cheolchoirme adhmaid de dhéantús William Richards (agus ainm an déantóra sin uirthi chomh maith le 'Brooklyn, New York' ach gan dáta léi) spreag sin Máirtín chun an fhliúit cheolchoirme a sheinm níos minicí. I bhFeabhra 2010 thaifid Máirtín sa bhaile an píosa seo gan ainm le Johann Joachim Quantz – agus an dá pháirt den díséad gleoite seo a seinm aige. Déantóir cáiliúil fliúite ba ea Quantz, chomh maith le bheith ina chumadóir agus rinne Máirtín staidéar air. Déantóir cáiliúil fliúite ba ea Quantz, chomh maith le bheith ina chumadóir, agus rinne Máirtín staidéar air tamall agus é i dtús a shlí bheatha mar dhéantóir fliúiteanna.

Leathanaigh Ghaolmhara


Buíochas a Diarmuid Breathnach

Thíos: Máirtín Ó Dubhghaill agus Diarmuid Breathnach, a d'aistrigh an leathanach seo go Gaeilge (féach: Aistriúchán Gaeilge Leanas) le chéile i mBré, Contae Chill Mhantáin.

Diarmuid Breathnach agus Martin Doyle
20